Má oibríonn tú leis an GBRÁ beidh an deis agat taithí leathan a ghnóthú chun fíordhifríocht a dhéanamh do na húdaráis áitiúla in Éirinn.
Ní chaithfidh gairmeacha bheith aon-toiseach, agus cuideoimid leat teacht ar do chonair féin.
Beag beann ar do ról leis an nGníomhaireacht, féadfaidh tú bheith cinnte go mbeidh tionchar ag do chuid oibre agus go ndéanfaidh sé difríocht ar bhonn náisiúnta, do dhaoine aonair, do ghnólachtaí, agus don phobal i gcoitinne.
Anailísí Sonraí Grád 5
Maidir leis an ról
Mar achoimre, i measc phríomhchuspóirí an róil seo tá úinéireacht a ghlacadh ar shraith de thionscadail sonraí agus/nó a bheith mar phríomh-rannpháirtí iontu agus tógáil ar fheidhm an Lárionaid Sonraí trí bhailiú de láimh/uathoibríoch sonraí ó earnáil an rialtais atá tábhachtach ó thaobh straitéise de, anailís staidrimh chuí a chur i bhfeidhm ar na sonraí sin, réimse léirshamhluithe nuálacha a tháirgeadh chun torthaí na hanailíse a chur in iúl, tacú le hiarrachtaí chun na sonraí sin a scaipeadh agus sláine an sonraí sin a chothabháil, agus cur le forbairt theicneolaíochtaí, phróisis agus straitéisí an lárionaid. Is deis í seo do chuid scileanna iontacha sonraí a úsáid agus a fhorbairt chun difear suntasach a dhéanamh do riachtanais straitéiseacha a théann i gcion ar gach gné den saol in Éirinn (cúrsaí tithíochta, easpa dídine, an aeráid, agus go leor eile san áireamh).
Déanfaidh tú an méid seo a leanas;
- Obair a dhéanamh go díreach le comhghleacaithe sinsearach sa Láraonad Sonraí (CDU), leis an Aonad Taighde, agus le páirtithe leasmhara san earnáil rialtais chun riachtanais chomhaontaithe maidir le sonraí na hearnála a mheasúnú, a shainaithint agus a bhailiú laistigh de fhráma ama soiléir. Is iarracht shuntasach agus ríthábhachtach a bheidh san iarracht seo maidir le cur ar bun gach tionscadail ar a n-oibreoidh an CDU.
- Píblínte sonraí uathoibrithe (baiscphróiseáil agus próiseáil fíor-ama) a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil ó fhoinsí sonraí díchosúla go stór lárnach, agus bailíochtú/glanadh/cardáil/ETL sonraí a chorprú de réir mar is iomchuí.
- Raon de shamhlacha staitistiúla a shainaithint agus a chur i bhfeidhm atá iomchuí maidir le gach tacar sonraí agus le cuspóirí gnó an tionscadail ghaolmhair. Plean agus tástáil a dhéanamh do cháilíocht sonraí de réir mar is gá.
- Dearadh a dhéanamh ar thuarascálacha an-iomasacha, agus ar dheaiseanna idirghníomhacha, agus iad seo a chur i bhfeidhm agus úsáid á baint as uirlisí BI (Éirime Gnó)/Amharcléirithe Sonraí agus as teangacha forbartha bogearraí, de réir mar is iomchuí. Amharcléirithe ardleibhéil a fhorbairt d’fhonn riachtanais aschuir earnála a shásamh.
- Cabhraigh le hábhar oiliúna a fhorbairt agus a chur i láthair d’fhonn cuidiú le spriocphobail éagsúla agus na hamharcléirithe sin á n-úsáid acu chun cinntí gnó eolacha a dhéanamh.
- Aschur d’anailíse a chur in iúl -- dul i gcion ar/cuir páirtithe leasmhara ar an eolas, ábhar oiliúna a fhorbairt/a chur i láthair d’úsáideoirí deiridh, eolas a fheabhsú laistigh den fhoireann.
- Cabhrú le forbairt, cur i bhfeidhm, agus le cothabháil chaighdeáin cháilíochta sonraí agus chaighdeáin slándála sonraí -- ag tabhairt aird ar chaighdeáin GDPR go háirithe.
- A bheith páirteach i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm próisis réitigh mhonatóireachta sláinte, lena n-áirítear feidhmiú/barrfheabhsú réitigh, teacht ar/déileáil le hearráidí, caighdeánú logaí, srl.
- Tacaíocht a thabhairt do réitigh a chur in úsáid agus a chothabháil arna bhforbairt ag an Lárionad Sonraí thar am.
- Obair a dhéanamh laistigh de thimpeallacht shofhreagrúil, ag idirghníomhú le réimse earnálacha a théann i dteagmháil leis an LGMA, ag cloí le riachtanais, le hamlínte, agus le caighdeáin chomhaontaithe.
- Obair a dhéanamh le foirne beaga nó ar bhonn neamhspleách. Meantóireacht agus ceannaireacht a chur ar fáil do bhaill shóisearacha na foirne.
- Ról ceannasach a ghlacadh maidir le cumraíocht, leathnú, agus cothabháil stóir sonraí lárnaigh Néalbhunaithe/óstáilte, agus athúsáid sonraí a chur chun cinn trí dhearadh.
- Cloí go docht le reachtaíocht agus le treoirlínte maidir le cosaint/coinneáil/aisghabháil sonraí
Role SpecificationG5-Data-Analyst-March-25.pdf (size 334.9 KB)
Closing date for applications is 27th March 2025 at 1pm.
Email fully completed applications to jobapplications@lgma.ie
Oifigeach Foirne Grád 5, Rannóg TF Inmheánach (Buan) Comórtas Oscailte
Maidir leis an ról
Oibríonn an tOifigeach Foirne mar chuid d’fhoireann, ag tacú leis an mbainisteoir líne agus le comhghleacaithe eile chun cuspóirí agus spriocanna oibre an GBRÁ a bhaint amach. Is post tacaíochta nó maoirseachta laistigh den Ghníomhaireacht é an tOifigeach Foirne agus sanntar freagracht air/uirthi as oibriú laethúil réimse oibre, rannóige nó foirne. Is ról éagsúil é an ról seo agus éilítear leis go mbeidh sealbhóir an poist solúbtha, in ann spriocdhátaí reachtúla a chomhlíonadh agus go mbeidh sé/sí in ann tiomantas a chinntiú maidir le torthaí d’ardchaighdeán a sholáthar. Táthar ag súil go gcomhlíonadh sé/sí dualgais ar bhealach ina gcuirtear le iontaoibh agus muinín.
Is dualgais éagsúla iad dualgais an Oifigigh Foirne agus d’fhéadfadh sannadh do chodanna éagsúla na heagraíochta nó do réimsí éagsúla oibre a bheith i gceist leo. Ní gá go mbeidh feidhmiú raon iomlán na ndualgas teoranta do dhuine faoi leith laistigh de rannán, mar teastaíonn ón obair go bhfeidhmíonn fostaithe sa ról ar bhealach solúbtha agus go n-oibríonn siad go héifeachtach le cheile mar fhoireann chun torthaí nó ábhair aschuir riachtanacha a sheachadadh.
Closing date for applications is 27th March 2025 at 1pm.
Email fully completed applications to jobapplications@lgma.ie
Oifigeach Teicniúil Seirbhísí Pleanála Ghrád 7
Oscailte/Buan
Maidir leis an ról
Deis spreagúil í seo chun a bheith mar chuid den Fhoireann Seirbhísí Pleanála agus cur ar bhealach bríoch le Seirbhísí Pleanála a bhaineann le córais a sholáthar d’údaráis áitiúla agus don phobal.
Tá an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) freagrach as Seirbhísí Pleanála a bhaineann le córais a sholáthar d’údaráis áitiúla. Is iad na príomhsheirbhísí pleanála a sholáthraítear iPlan; iDocs; www.eplanning.ie agus an Tairseach Náisiúnta Pleanála ar Líne.
Tacaíonn an LGMA le córas bainistíochta iarratais pleanála iPlan do 24* údarás áitiúil Éireannach, mar ásc a óstáiltear go háitiúil i ngach Údarás Áitiúil agus mar leagan gréasánbhunaithe freisin ar an suíomh www.eplanning.ie a ligeann don phobal gach iarratas pleanála Éireannach a chuardach.
Tacaíonn an LGMA freisin leis an gcóras bainistíochta cáipéisí iDocs a úsáideann Údaráis Áitiúla, a chomhcheanglaítear le roinnt córas. Tá tionscadail ar bun faoi láthair le leagan .Net de iPlan agus iDocs a thabhairt isteach, lena chinntiú go bhfuil fáil orthu as seo amach.
Beidh an t-iarrthóir rathúil mar chuid d’fhoireann Seirbhísí Pleanála a thacaíonn le iPlan, iDocs agus www.eplanning.ie. Mar chuid den obair seo déanfar saincheisteanna a bhainistiú agus rianú, bogearraí a chur chun feidhme agus eisiúintí a bhainistiú, scriptiú/uathoibriú nósanna imeachta bainistíochta córais agus uirlisí monatóireachta/foláirimh. Beidh pleanáil a dhéanamh ar eisiúintí amach anseo, ar eisiúintí a chur chun feidhme agus ar thionscadail amach anseo i gceist leis an ról freisin.
Bainistíonn an fhoireann Seirbhísí Pleanála an Tairseach Náisiúnta Pleanála ar Líne agus tacaíonn siad léi, atá ar fáil ag https://planning.localgov.ie. Ligeann an tairseach seo do gach údarás áitiúil Éireannach bainistiú leictreonach a dhéanamh ar Iarratais Pleanála ar Líne, Aighneachtaí ar Líne i leith iarratais pleanála agus ar iarratais Chuid 8. Tá an tairseach á feidhmiú faoi láthair in 28 údarás áitiúil agus tá sí le cur i bhfeidhm i measc trí údarás áitiúla eile in 2025.
D’fhorbair beirt bhundíoltóirí feidhmiúlacht na Tairsí agus tá sí á hóstáil ar fhreastalaithe laistigh de Champas an LGMA. Tá tosach Drupal ag an Tairseach a úsáideann an pobal chun iarratais pleanála a sheoladh, agus tá córas agus comhtháthú CRM Sugar aici, a bhainistíonn aistriú ar shonraí agus ar cháipéisíocht Iarratais Pleanála ón suíomh gréasáin poiblí go dtí Córais Bhainistíochta Pleanála (iPlan/APAS/Odyssey) agus Córais Bhainistíochta Cáipéisí na nÚdarás Áitiúil.
Cuirfidh Oifigeach Teicniúil Seirbhísí Pleanála le beartais agus/nó straitéisí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm laistigh den LGMA agus féadfaidh sé/sí ionadaíocht a dhéanamh don LGMA i bhfochoistí agus/nó i ngrúpaí oibre inmheánacha/seachtracha. Oibreoidh sé/sí go dlúth leis an mbainistíocht shinsearach, gníomhaireachtaí seachtracha, údaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha chun clár oibre an réimse oibre a sholáthar. Dá bhrí sin, ní mór don iarrthóir idéalach a bheith an-spreagtha, tiomanta do sheirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil agus toilteanach tabhairt faoi dhúshlán.
Closing date for applications is 27th March 2025 at 1pm.
Email fully completed applications to jobapplications@lgma.ie